Scéal na Gaeilge
Na Cloigne Léargas Ginearálta Treoir na gClár Próifíl Aisteora/Carachtair Creidiúintí Blaisíní Pictiúirí
Cré na Cille Ar Fíor Scéal an tSeachtain seo An Teanga Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair An Leabhar Cosa Nite How it all began Máirtín Ó Cadhain: Is Mise Stoc na Cille Liam Ó Flaithearta: Idir Dhá Theanga Fógra Teilifíse Des Bishop

Na Cloigne > Treoir na gClár > Clár 3: An Taobh Eile


Tá  Seán ag ceapadh go bhfuil sé  ag dul as a mheabhair agus tá  Nuala idir dhá cheann na meá  san ospidéal fad is atá an Ceannfort Ó Sé ag breathnú  isteach sa domhan osnádúrtha agus é ar thóir na fírinne faoi na dúnmharuithe brúidiúla sa choill.

Anocht, sa chlár deireanach den tsraith scéinséara osnádúrtha Na Cloigne, faightear corp eile sa choill agus é lomnocht, gan chloigeann, cosúil leis an gcéad cheann. Agus na Gardaí ag déanamh gach iarracht an cás a réiteach, tuigeann an Ceannfort Ó Sé gur sa domhan osnádúrtha atá an freagra.

 

Tá Nuala gan aithne, gan urlabhra san ospidéal tar éis go bhfuarthas í ina carr bun os cionn i gCoill an Chloiginn.  Tá sí trína chéile ag na radhairc scanrúla foréigneacha céanna a bhfuil Seán cráite leo de lá agus d’oíche. 

 

Dhéanfadh Seán rud ar bith le Nuala a shábháil agus le deireadh a chur leis an bhforéigean i gCoill an Chloiginn, ach íocfaidh sé go daor as. An mbeidh an Ceannfort Ó Sé in ann cúnamh a thabhairt dó aghaidh a thabhairt ar a chuid áibhirseoirí agus an íobairt deiridh a dhéanamh chun Nuala a shábháil?  Nó an bhfuil an fórsa olc osnádúrtha atá ag sní trí Choill an Chloiginn róchumhachtach lena chloí?  

 

Is é Robert Quinn a stiúir Na Cloigne agus is é Ciarán Ó Cofaigh a léirigh é do ROSG, comhlacht léiriúcháin scannán agus teilifíse atá lonnaithe i gConamara.

 



Cláracha Eile:
  • Clár 1: An Bradán
  • Clár 2: Corp Gan Cheann
 
Baile | Mápa | Séanadh | Priondáil Leathanach
ROSG, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire/Ireland
Teileafón: +353-91-553951
Faics: +353-91-558491
Ríomhphost: eolas@rosg.ie