Tá Féilte Tine á gceiliúradh le mílte bliain in Éirinn, agus scrúdaíonn an tsraith seo a stair agus an chaoi ina bhfuil siad fós ag freagairt do riachtanais spioradálta pobail na hÉireann san 21ú haois. Déanann sí iniúchadh freisin ar an siombalachas agus an mhiotaseolaíocht a bhaineann le gach féile, agus ar an tionchar atá ag na traidisiúin ársa seo ar chultúr agus ar fhéiniúlacht na hÉireann.
Leanann na ceithre chlár cruth ciorclach roth na bliana: Samhain – tús an Gheimhridh agus na bliana nua; Imbolg – fáiltiú don Earrach; Bealtaine – ceiliúradh ar thús an tSamhraidh; agus Lúnasa – teacht an Fhómhair agus an fhómhar le baint.
Mar léiriú ar an timthriall bliantúil, craolfar gach clár ar saoire poiblí na féile gach trí mhí: craoladh an chéad chlár, Samhain, ar saoire poiblí Oíche Shamhna i mí Dheireadh Fómhair 2024; craoladh clár 2, Imbolg, ar saoire poiblí Bríde i dtús mhí Feabhra agus craoladh clár 3, Bealtaine ar an 5 Bealtaine. Tríd an tsraith, i gcathracha agus i mbailte ar fud na tíre, tiocfaidh pobail le chéile chun na traidisiúin ársa seo a cheiliúradh.