Síol Scéal

Bunaíodh Síol Scéal mar chomh-léiriúchán idir ROSG agus Eo Teilifís. Tá sé mar aidhm againn forbairt a dhéanamh ar thallan nua scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta ó thaobh drámaíochta teilifíse de. Tá ceithre scéim rite againn go dtí seo Síol, Údar agus dhá shraith do Scéal, áit go mbíonn sé thogra roghnaithe mar ábhar scripte le forbairt i dtreo sé script gearr scannán.

Scéal neamhspleách atá i ngach scannán agus cé go bhfuil éagsúlacht i ngach scéal acu, cuid acu dorcha agus cuid acu geal, tá cur síos i ngach scannán ar aistear dian féin aithne na príomh charachtair.

As na scéimeanna éagsúla tá 24 gearr scannáin leath uair léirithe agus craolta go dtí seo.

Bhí na scéimeanna maoinithe ag TG4, An BAI agus Gréasán na Meán.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha Síol Scéal