I The Queen v Patrick O’Donnell insítear scéal fíorspéisiúil Phadaí Mhicheáil Airt, Patrick O’Donnell, fear gan léamh ná scríobh as Gaeltacht Dhún na nGall ar tugadh stádas mar laoch náisiúnta dó nuair a mharaigh sé James Carey, ceannaire ar bhuíon de chuid na bhFíníní - na Invincibles - ar bhord loinge amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhlain 1883.
Bhí Carey a chur ar deoraíocht faoi rún ag údaráis na Breataine i ndiaidh dó fianaise a thabhairt in aghaidh a iarchomrádaithe a mharaigh beirt shinsearach do lucht riartha na tíre seo an bhliain roimhe sin in eachtra ar a dtugtar Dúnmharaithe Pháirc an Fhionnuisce. Crochadh cúigear agus cuireadh tuilleadh i bpríosún ar fhianaise an bhrathadóra.
Mar chomhcheilg dúnmharaithe a thosaigh an cás ach bhain sé macalla as láithreacha móra na cumhachta in impireacht na Breataine, pálás na banríona ag Caisleán Windsor agus Parlaimint Westminster. Fágadh scrios agus ár mar thoradh air.
Ach céard a thug Padaí Mhicheáil Airt isteach sa scéal so agus a rinne laoch dó in aghaidh a thola imeasc náisiúnaithe na tíre seo? Céard a bhí sa chinniúint aige a thug ról do in eachtra suntasach i stair na hÉireann, scéal lán le foréigean, cleasaíocht cúirte, scéiméireacht pholaitiúil agus rómánsaíocht. Cérbh í an bhean mhistéireach a bhí ina chomhluadar ag an am mar bhean chéile? Agus cén fáth gur iarr Uachtarán Mheiriceá agus sárscríobhneoir na Fraince Victor Hugo nach gcrochfaidh é?
Tugtar léargas den chéad uair ar an scáileán i The Queen v Patrick O’Donnell ar scéal an an Chonallaigh ciúin agus dúisithear ceisteanna tabhachtacha faoina dhaorú chun báis bunaithe ar fhaisnéis nua ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain. Scrúdaitear fresin dearcadh na nGael ar bhrathadoirí i stair na tíre seo agus ar dtusicíntí ar fhealltóireacht agus ar dhíoltas.