Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair

Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh
Stiúrthóir: Mac Dara Ó Curraidhín

Léargas ceanúil ar shaol Thomáis 'Jimmy' Mac Eoin- aisteoir, amhránaí,
cumadóir amhrán agus file as an mBóthar Buí ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Labhraíonn Tomás mar aon lena chairde agus a ghaolta faoina chuid éachtaí suntasacha agus faoin gcruatan chomh maith: a chuid éachtaí mar amhránaí ar an sean-nós, mar chumadóir amhrán agus mar fhile; agus freisin an chaoi ar chaith sé a shaol ag sracadh le drochshláinte agus ag corraíocht leis an uaigneas.

Bhí Seó Aonair ainmnithe do na 'IFTA Awards' agus don bhFéile Cheilteach Scannáin.


Féach ar Mhíreanna & Cláracha Tomás 'Jimmy' Mac Eoin: Seó Aonair

Creidiúintí

Léiritheoir Ciarán Ó Cofaigh
Stiúrthóir Mac Dara Ó Curraidhín
Eagarthóir Gordon Bruic
Ceamara Barry Donnellan
Fuaim Máire Ní Earcáin