Scéal é seo faoin bhfuath nimhneach atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, fuath a thosaigh ina choimhlint éadmhar eatarthu agus iad ina ngearrchailí, agus a raibh briseadh croí mar thoradh air nuair a sciob Neil an fear a raibh Caitríona i ngrá leis. Níor mhaith Caitríona é sin riamh dá deirfiúr, agus ní mhaithfeadh lena beo, ná ina dhiaidh sin féin! Ghlac an fuath a bhí ag Caitríona dá deirfiúr seilbh chomh mór sin uirthi gurb é a thiomáin tríd an saol í, agus tríd an athshaol ina dhiaidh sin.
Sin é an áit a dtosaíonn an dráma, agus Caitríona Pháidín i measc na marbh i gcré na cille, tar éis mhíshásaimh an tsaoil, agus í ag fanacht ar an lá go bhfógrófar teacht a deirféara chun na huaighe ionas gur féidir léi an cath a fhearadh uirthi in athuair.
Ach go deimhin ní hí Neil an t-aon namhaid atá ag Caitríona Pháidin, óir tá sí chomh binbeach agus chomh hite sin le héad go n-iompaíonn sí an fuath sin atá aici dá deirfiúr ar aon duine eile a mheabhraíonn Neil di nó droch-chás a sleachta féin. Orthu siúd tá bean a mic, Iníon Nóra Sheáinin as an nGort Ribeach, ‘áit a mblitear na Lachain’; agus a máthair siúd atá sa reilig léi, ‘Nóra na gCosa Lofa’ a bhíonn ag cur gothaí uirthi féin is í ag déanamh mór leis an máistir scoile!
Cé gur duine í Caitríona Pháidín nach bhfuil aon acmhainn grinn aici, is cúis gháire dúinn uilig an raicleach mór mná seo atá calctha ciaptha ag an éad is ag an bhfuath agus ag an gcath suarach aonaránach seo atá á throid gan stop gan staonadh aici in aghaidh a deirféara is a sleachta. Agus ní i nganfhios dá comharsana atá an greann seo (bailiúchán iontach carachtar a chaitheann an tsíoraíocht ag creimeadh a chéile), mar is fada an ball lag aimsithe acu inti agus í á saighdeadh is á gríosadh chun feirge acu — agus gach aon duine acu seachantach ar a teanga ghéar.
Le teacht gach corp nua sa reilig cuireann Caitríona tuairisc a deirféara agus tuairisc a mic is a chuid gnothaí. Ach ní haon ábhar sóláis di na scéalta atá á mbreith chun na huaighe ag a comharsana faoin rath is faoin rachmas atá ag teacht ar Neil is ar a sliocht, ná faoin gcéim síos agus an mí-ádh atá ag leanacht dá mac féin is dá chlann. Go deimhin, is i neart is in olcas atá a fearg ag éirí nó go mbíonn sé de shásamh aici ar deireadh a chloisteáil go bhfuil a deirfiúr ar leaba a báis agus gur gearr uathu an cath mór cinniúnach.
Stiúrthóir | Robert Quinn |
Léiritheoir | Ciarán Ó Cofaigh |
Script | Mac dara Ó Fátharta, Robert Quinn |
Léiritheoir Líne | Micheál Breathnach |
Ceamaradóir | Tim Fleming |
Eagarthóir | Conall de Cléir |
Dearthóir | Dara McGee |
Grádú & Maisíocht | John Talbot |
Príomh Aisteoirí | Bríd Ní Neachtain, Mac dara Ó Fátharta, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille, Joe Steve Ó Neachtain |
Craoltóir | TG4 |
Carachtar | Aisteoir |
Caitríona Phaidín | Bríd Ní Neachtain |
Tom Rua | Joe Steve O Neachtain |
Beartla Chois Dubh | Macdara Ó Fatharta |
Meaig Bhriain Mhóir | Áine Ní Dhroighneáin |
An Fear Óg | Dara Devaney |
An Sagart | Mike P Ó Conaola |