Ar bronntanas gach bronntanas? Oíche stoirme tagann criú tarrthála ar lastas drugaí, luach milliún euro, bronntanas a athróidh an saol go deo orthu.
Scéinséir comhaimseartha 5 pháirt é An Bronntanas le Dara Devaney (Na Cloigne), Owen McDonnell (Killing Eve) in éineacht leis an aisteoir teilifíse agus amharclainne Meiriceánach Éireannach John Finn (Cold Case) agus go leor aisteoirí spreagúla eile.
Craoladh An Bronntanas ar dtús é ar TG4 in 2014 agus chruthaigh an dráma seánra nua de Celtic Noir a bhreith ar an lucht féachana ar an toirt. É ar cheann de na sraitheanna drámaíochta is rathúla a craoladh riamh ar TG4.
Tá An Bronntanas suite i sráidbhaile ficseanúil in iarthar na hÉireann ag am a bhfuil an tír faoi bhrú eacnamaíochta. Tá an geilleagar áitiúil ag titim as a chéile, agus an dífhostaíocht ag rith go hard. Tá an saol crua sa gceantar seo agus ní réiteach í an inimirce a thuilleadh. Sí an fhirinne ná gurb í an Pholainnis an teanga is mó fáis sa chuid seo den domhan.
San eachtra tosaigh filleann JJ Magill (Devaney) go hÉirinn go drogallach ar chloisteáil faoi bhás a athar. Tá an mhonarcha éisc áitiúil a bhí faoi úinéireacht an t-athair anois i lámha JJ ach tá sí ar a cosa deiridh. Anuas ar seo, tá JJ agus a mhuintir páirteach le criú tarrthála áitiúil agus ar oíche stoirme tagann siad ar lastas drugaí, luach milliún euro. Bronntanas a athróidh an saol go deo orthu.
An dtugann siad na drugaí do na húdaráis nó an ndíolann siad iad ar mhaithe leis an bhaile atá ag streachailt a shábháil? Cinneadh é a athróidh a saol go deo…
Léirithe ag ROSG agus De Facto Films siad na haisteoirí eile atá páirteach ná
Pól Ó Gríofa, Charlotte Bradley, Michelle Beamish, agus Dean Whatton.
Sé Tom Collins a stiúradh agus a léirigh an scannán le Ciarán Ó Cofaigh.
Tá An Bronntanas maoinithe TG4, BAI, Fís Éireann agus Northern Ireland Screen/ Irish Language Broadcast Fund.
Beidh An Bronntanas á chraoladh gach Dé Máirt ag 11.15pm ar RTÉ 1 ón 18ú Eanáir