Ná caill soicind. Tá Fíor Scéal ar ais don Samhradh ag taispeáint na cláir faisnéise is ansa libh gach Máirt ag 00.25 agus Déardaoin ag 22.30 ar TG4.
Dhá chlár gach seachtain - déan iad a thaifeadta agus féach ar do choithiúlacht.
Tús láidir an mhí seo le fócas speisialta ar chúrsaí timpeallachta. Seo mar a bheidh le feiceáil.
Dé Máirt 12 Meitheamh @ 00.25
Deora Dubha na Mara: Clár faisnéise ar an dochar atá báid a chuaigh go tóin poill a dhéanamh don timpeallacht agus tá na mílte acu ann. Le linn an Dara Cogadh Domhanda ann féin, cuireadh 6,300 bád go tóin poill. In 1989, tháinig an tancaer Exxon Valdez i dtalamh in Alasca agus sceith 37,000 tona amhola aisti. Níl ansin ach céatadán beag den mhéid a cheaptar atá sna báid ón Dara Cogadh Domhanda. Sa chlár seo rachaimid chuig Cósta Baltach na Polainne, an Iorua, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an tAigéan Chiúin áit a bhfuil eolaithe ag scrúdú an truailliú atá na báid seo a dhéanamh ar ghrinneall na farraige.
Déardaoin 14 Meitheamh @ 22.30
An Tuile Turasóirí: Is í an Veinéis ceann de na háiteanna is mó san Iodáil a tharraingíonn turasóirí ach tá an tionscal ag cur ruaig ar mhuintir na Veinéise féin. Tá beagnach 50,000 duine imithe as an Veinéis le leathchéad bliain agus is gearr eile a bheidh aon duine de bhunús na Veinéise fanta.
Dé Máirt 19 Meitheamh @ 00.25
An Réiltín Beo: Clár faisnéise ar an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis a bheidh ag ceiliúradh scór bliain ar an bhfód i mí na Samhna 2018. Tá sé ar cheann de na tionscadail spáis is uaillmhianaí a tógadh riamh. Stáisiún Spáis ollmhór é, 9,700m2, atá déanta as cruach agus a raibh baint ag 16 dtír lena thógáil.
Déardaoin 21 Meitheamh @ 22.30
Cosán an Tíofúin: Clár faisnéise ar an damáiste mór a dhéanann cioclóin agus mar a ceapadh an chéad chóras réamhaisnéise cioclón. Maireann séasúr na cioclón trópaiceach ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair. Téann siad ó thuaidh os cionn na Téaváine, Hong Cong, na Cóiré agus na Seapáine agus déanann scrios mór agus luach na billiún dollar damáiste. I mí na Nollag 1945, fad is a bhí iompróirí aerárthaí Mheiriceá ag déanamh ionsaí ar an tSeapáin, d'eitil siad isteach i dtíofúin mhóra. Ina dhiaidh sin cheap Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe an chéad chóras réamhaisnéise cioclón.