“Is cúis áthais dúinn an méid suim atá á chur i The Queen v Patrick O’Donnell ag na Féilte Scannáin Idirnáisiúnta. Níl muid ach tosaithe á sheoladh ag na féilte le roinnt míonna anuas ach cheana féin tá an-tóir air. I gcás Féile Rhode Island mhínigh siad dúinn go raibh muid roghnaithe as os cionn 6,700 scannán as 98 tír!” Ciarán Ó Cofaigh, Léiritheoir
Tá The Queen v Patrick O’Donnell bunaithe ar an leabhar den teideal céanna a scríobh Seán Ó Cuirreáin faoi Phadaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill as Mín an Chladaigh i nGaeltacht Ghaoth Dobhair a mharaigh an brathadóir cáiliúil de chuid na Invincibles ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883.
Bhí an chéad taispeántas poiblí don scannán ag Fleadh Scannáin na Gaillimhe an tseachtain seo caite agus go dtí seo tá an scannán roghnaithe nó ar ghearrliosta do ghradaim ag cúig cinn eile d’fhéilte scannán idirnáisiúnta:
Cé gur scéal Gaeltachta é seo ó thús, tá toisí láidre náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis freisin mar go mbaineann cuid d’eachtraí an scéil le Meiriceá, an Afraic Theas agus leis an mBreatain.
Tá aitheantas ar leith tuillte ag aisteoirí an scannáin, go háirithe Eoghan Mac Giolla Bhríde, Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell sna príomhpháirteanna.
I measc an chriú lárnach bhí Mary Crumlish mar eagarthóir, Burschi Wojnar mar stiúrthóir ghrianghrafadóireacht, Margot Cullen mar dhearthóir, Kate Howard mar dhearthóir feistis agus Jim Corr mar an chéad stiúrthóir cúnta.
Tomás Seoighe a stiúir an scannán, agus b’iad Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin a bhí mar léiritheoirí do ROSG.
Tá ROSG fíorbhuíoch dóibh siúd a chur muinín sa tionscnamh agus a chur an maoiniú ar fáil – TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann, Fís Éireann agus scéim 481 na gCoimisinéirí Ioncaim.
Sa bhliain 2022 a bheidh an scannán le feiceáil ar TG4.