Tá séasúr nua den tsraith faisnéise Fíor Scéal ag tosú ar an 15ú Deireadh Fómhair. Is í an t-iriseoir agus an craoltóir Máire T. Ní Mhadaoin a chuirfeas an tsraith nua i láthair.
Tá Máire T. ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 le sé bliana déag anuas. Tá cláracha faisnéise curtha le chéile aici ó áiteacha ar fud an domhain, Srí Lanca, An Mhaláiv agus Meiriceá ina measc. Beidh sí anois i mbun ceann de na brandaí faisnéise is láidre ar TG4.
Idir seo agus mí na Nollag, beidh ábhair ar nós leas an nádúir ar shláinte an duine, sclábhaíocht na linne seo, gáinneáil ar leanaí agus ar oibrithe, bagairt ón súnámaí, cúrsaí aeráide, chomh maith le neart téamaí comhaimseartha domhanda eile faoi chaibidil aici.
Ag 10:30 gach Déardaoin a chraolfar Fíor Scéal ar TG4.
'Sé an comhlacht léirithe scannán agus teilifíse ROSG, a léiríonn an tsraith Fíor Scéal.
Blaisín den sraith:https://youtu.be/ZUbAdzoEAMc