Is algartaim agus sonraíocht na uirlisí troda nua atá in úsáid ag cumhachtaí an domhain agus iad i mbun cogaidh. Tugann an clár faisnéis léargas ar an mborradh as cuimse a tháinig ar TikTok. Léiríonn fiosrúcháin a bhí ar bun ag iriseoirí agus seirbhísí faisnéise éagsúla thar thréimhse de chúpla mí go bhfuil Rialtas na Síne in ann teacht ar shonraí mhuintir Mheiriceá agus na hEorpa trí TikTok. Bíonn ról lárnach ag na sonraí seo nuair a dhéantar iarracht tionchar a imirt ar mheon na ndaoine agus is féidir úsáid a bhaint astu nuair a bhíonn coinbhleacht armtha ar bun.