Chuir Uachtarán na Poblachta Doiminicí Luis Abinader polasaí i bhfeidhm in 2024 chun muintir Háítí a dhíbirt as an tír. Tá an cead a fuair daoine a bheith sa tír blianta fada ó shin á chur ar ceal, agus tá saoránacht á bhaint de pháistí de bhunadh Háítí. Dírítear ar an gcruachás ar an Easpáinneoil sa gclár faisnéise seo, áit a dhíbrítear muintir Háítí ina sluaite. Tá sárú ar chearta an duine, díbirt éigeantach agus an teannas idir an dá thír le feiceáil sa gclár chun léargas a thabhairt ar thaithí mhuintir Háítí.