16 Iúil: Teannas san Artach

Tugtar léargas sa gclár faisnéise seo ar an teannas atá san Artach agus ar na iarmhairtí domhanda a bheadh i gceist dá rachadh cúrsaí in olcas. Tá na oighearchlúideacha san Artach ag leá mar gheall ar théamh domhanda agus tá fáil anois ar acmhainní nádúrtha luachmhara nach bhfuil rialaithe faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Tá smacht ag an Rúis ar bhealaí farraige tábhachtacha agus tá na céadta bunáiteanna tógtha acu ach tá tíortha san Iarthar i bhfad taobh thiar agus is cosúil go bhfuil faobhar á chur ar na sceana do na hacmhainní san Artach.

Féach ar Mhíreanna & Chláracha Fíor Scéal

Féach ar Mhíreanna & Cláracha Fíor Scéal