27 Lúnasa: Barúin na n-Adharc Srónbheannach

Tá daoine á marú san Afraic Theas mar gheall ar adharca srónbheannaigh. Tá 80% de na srónbheannaigh ar fad ar domhan le fáil sa tír seo. Bíonn an-éileamh ar na hadharca san Áise áit a gceaptar go bhfuil leigheas le fáil iontu agus íoctar an méid céanna airgid le cócaon orthu. Feicfear na húdaráis sa tóir ar dhuine de na príomhphóitseálaithe san Afraic Theas sa gclár seo. Tá Joseph Nyalunga nó "Big Joe" mar is fearr aithne air ag póitseáil in Kruger Park le deich mbliana agus tá suas le 8,000 srónbheannach maraithe san áit thar an tréimhse chéanna.

Féach ar Mhíreanna & Chláracha Fíor Scéal

Féach ar Mhíreanna & Cláracha Fíor Scéal