Tá an saol athraithe do na tíortha Lochlannacha in aice leis an Rúis ó rinneadh ionradh ar an Úcráin. D'fhan na tíortha seo neodrach feadh blianta fada rud a chruthaigh seasmhacht sa réigiún ach anois tá siad mar chuid de NATO. Tá cogadh ag bagairt ar an bhFionlainn, an Iorua agus an tSualainn. Tá sé molta do shaoránaigh na tíortha sin, uisce, bia agus táibléid iaidín a chur i dtaisce agus teorainn ag an trí thír leis an Rúis.