Is fiú $50,000 conablach tíogair ar mhargadh dubh na hÁise. Tá na billiúin le saothrú sa tionscal ó tharla go gceaptar go bhfuil leigheas le fáil sna cnámha. Téitear i mbun fiosrúcháin sa gclár faisnéise seo ag féachaint ar na príomh-mhangairí a bhíonn ag díol tíogar sa Téalainn, i Vítneam, i Laos agus sa tSín agus feicfear mar thógtar tíogair ar fheirmeacha ar nós beostoic.