Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, beirt chailíní óga.
Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici. Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.
Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr, i bhfeirg le héad. Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aige ar céard a tharla an oíche roimhe sin.
Tá sé cráite ag taibhsí d’fhir dhorcha agus níl a fhios aige cé atá marbh ná cén bhaint a bhí aigesean leis. De réir a chéile tá sé ag sleamhnú go tóin poill, é éadóchasach agus ag dul as a mheabhair.