Is scéinscéal osnádúrtha é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, a tharraingítear isteach i ndúnmharú uafásach, beirt chailíní óga.
Is péintéir den scoth í Nuala, a bhfuil teagmháil as an ngnáth aici leis an Domhan Eile, tríd an mbua ealaíonta atá aici. Tá a caidreamh le Seán faoi bhrú mór mar go raibh sé mídhílis di le déanaí le bean áitiúil, Áine.
Oíche amháin agus é súgach tugann Seán beirt bhan óg dhathúil abhaile i gcomhair cúpla deoch tar éis bheith sa teach ósta. Dúisíonn an ragairne Nuala agus, tar éis argóna fíochmhar le Seán, imíonn sí léi sa charr, i bhfeirg le héad. Dúisíonn Séan lá arna mhárach agus a chuid éadaí báite i bhfuil agus gan aon chuimhne aige ar céard a tharla an oíche roimhe sin.
Tá sé cráite ag taibhsí d’fhir dhorcha agus níl a fhios aige cé atá marbh ná cén bhaint a bhí aigesean leis. De réir a chéile tá sé ag sleamhnú go tóin poill, é éadóchasach agus ag dul as a mheabhair.
Stiúrthóir | Robert Quinn |
Léiritheoir | Ciarán Ó Cofaigh |
Script | Darach Ó Scolaí & Lauren MacKenzie |
Léiritheoir Líne | Micheál Breathnach |
Ceamaradóir | Micheál Ó Dubháin |
Eagarthóir | Conall de Cléir |
Dearthóir | Mags Linnane |
Grádú & Maisíocht | John Talbot |
Ceol | Ray Harman |
Mír Oscailte | Brian Williams |
Príomh Aisteoirí | Dara Devaney, Barry McGovern, Siobhán O'Kelly |
Craoltóir | TG4 |
Léiritheoir Feidhmiúcháin TG4 | Micheál Ó Meallaigh |
Léiritheoir Feidhmiúcháin BSÉ | Emma Scott |
Bainisteoir Léirithe ROSG | Eilís Ní Cheallaigh |
Dearthóir Feistis | Aisling Wallace Byrne |
Príomh Smideoir & Gruagaire | Caroline McCurdy |