Léiriú déanta ar ghné-scannán lánfhada bunaithe ar úrscéal clúiteach Cré na Cille mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair Máirtín Ó Cadhain.
Léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin agus teilifíse lonnaithe i gConamara, agus stiúrtha ag Robert Quinn, mac leis an scannánaí agus grianghrafadóir aitheanta Bob Quinn. Anuraidh rinne foireann agus cliar 60 duine scannánú ar an úrscéal a aithnítear mar phríomh-úrscéal comhaimseartha na Gaeilge. Bhí an scannán lán fhada Cré na Cille léirithe mar cheiliúradh 100 bliain ar bhreith an údair Máirtín Ó Cadhain.
Scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é Cré na Cille faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile, coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.
Taispeánadh Cré na Cille don chéad uair riamh i nGaillimh mí na Nollaig 2006 agus d’éirigh thar cionn leis ag féilte scannáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhí Cré na Cille roghnaithe thar na céadta scannán idirnáisiúnta eile le bheith i measc 16 scannán lán fhada don ghearrliosta ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Shanghai anuaraidh. Bhí an scannán ar an ngearrliosta don Best Feature Award ag an Magners Film Festival i mBostún áit a cuireadh síos ar mar ‘… a fiercely funny black comedy, wonderfully acted and beautifully shot.’ Bronnadh an Gradam ar son ‘Sár Seirbhís don Ghaeilge’ ar Cré na Cille ag Gradam na hAislinge agus tá cheithre ainmniúcháin faighte ag an scannán ag na Irish Film and Television Awards.
Le Bríd Ní Neachtain sa phríomhpháirt mar Caitríona Pháidín, díríonn Cré na Cille ar na mairbh sa chré agus iad á síorchéasadh ag an am atá á mheilt go mall agus ag an sciolladh gan staonadh. Is í Caitríona an príomh charachtar a bhfuil an t-athshaol bainte amach aici agus í ag fanacht go díocasach go leanfaidh a deirfiúr Neil chun na cille í ionas gur féidir leis an mbeirt leanacht den chath fada atá á throid eatarthu.
De réir a chéile cuirtear comharsana Chaitríona sa reilig in aithne don lucht féachana, chomh maith leis na coirp nua a thugann na scéalta is deireanaí leo chun na cille ón saol thuas.
Ar na réalta eile atá i Cré na Cille tá na haisteoirí Mac dara Ó Fátharta, a bhfuil aithne mhaith air mar Thadhg an oilc i Ros na Run, Peadar Lamb, Joe Steve Ó Neachtain, Diarmuid Mac an Adhastair agus Máire Ní Mháille.
Ghlac roinnt de na haisteoirí páirt roimhe seo acu sa leagan stáitse den dráma, arbh é Mac dara Ó Fátharta a chóirigh. Go deimhin, ainmníodh Bríd Ní Neachtain do ghradam amharclainne an Irish Times as a haisteoireacht ann i 2002.
Rinne TG4; scéim ‘Sound and Vision’ Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus Section 481 cómhaoiniú ar Cré na Cille. Is le tacaíocht ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a rinneadh an t-aistriú deireanach go scannán 35mm ar mhaithe leis an scannán a thaispeáint ag féilte agus i bpictiúrlanna. Scannán 94 nóiméad é Cré na Cille, atá iomlán fo-theidealaithe i mBéarla.
Nótaí Eagarthóireachta:
Máirtín Ó Cadhain – Beathaisnéis Ghairid:
Is mar gheall ar shaothar máistriúil próis Cré na Cille, a scríobhadh i 1949, is mó atá cáil ar Mháirtín Ó Cadhain, ach bhí aithne freisin air mar léachtóir, scoláire, poblachtach, gníomhaí pobail, agus mar fhear aighnis.
Duine casta agus, scaití, scáfar a bhí sa Chadhanach, agus maireann a lorg i ndiaidh a bháis i 1970. Chuir sé litríocht na Gaeilge chomh mór sin chun cinn gur deacair ag a chomharbaí an caighdeán scríbhneoireachta a leag sé síos a shárú. Aithnítear é mar an agóidí ba chliste agus mar an ionramhálaí ba chumasaí ar na meáin lena linn.